Podchaser Logo
Charts
28 Nollaig 2024 (Tír Eoghain)

28 Nollaig 2024 (Tír Eoghain)

Released Saturday, 28th December 2024
Good episode? Give it some love!
28 Nollaig 2024 (Tír Eoghain)

28 Nollaig 2024 (Tír Eoghain)

28 Nollaig 2024 (Tír Eoghain)

28 Nollaig 2024 (Tír Eoghain)

Saturday, 28th December 2024
Good episode? Give it some love!
Rate Episode

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an t-ochtú lá is fiche de mhí na Nollag. Is mise Niall Ó Siadhail.

Cailleadh tríocha a hocht duine Lá Nollag nuair a thuirling eitleán ón Asarbaiseáin de thuairt sa Chasacstáin. Bhí beagnach seachtó duine ar bord an eitleáin, a d’fhág Baku, príomhchathair na hAsarbaiseáine, go luath maidin Dé Céadaoin. Bhí an t-eitleán ag iarraidh tuirlingt in Grozny sa tSeisnia nuair a mhothaigh na paisinéirí trí phléasc agus cuireadh an t-eitleán ar atreo trasna Mhuir Chaisp go cósta thiar na Casacstáine, 450 ciliméadar soir. Tuairiscíodh sa Rúis gur bhuail ealta éan an t-eitleán ach cuireadh an locht ar an Rúis féin ina dhiaidh sin, agus saineolaithe ag rá gurbh iad diúracáin aerchosanta a bhuail an t-eitleán. Tá aerlínte náisiúnta nahAsarbaiseáine agus na Casacstáine i ndiaidh cosc a chur ar eitiltí áirithe go dtí an Rúis.

Tá an tsaoráid sláinte dheireanach i dtuaisceart Gaza as seirbhís, de réir na hEagraíochta Domhanda Sláinte. Tá ranna tábhachtacha san ospidéal scriosta agus faoi thine i ndiaidh ionsaithe a rinne arm Iosrael, a deir gur “daingean na sceimhlitheoirí” atá san ospidéal. Tá 25 othar atá go dona tinn fós san fhoirgneamh, ach bogadh iad siúd nach bhfuil ach measartha tinn amach go láthair eile atá scriosta, otharlann a tógadh le hairgead ón Indinéis sa bhliain 2016 ach atá ina fothrach anois. Maraíodh cúigear iriseoirí in Gaza Déardaoin agus rinneadh aerionsaithe ar shúiomhanna in Éimin fosta.

Tá tíogar Sumatrach darb ainm Dao tagtha go Páirc Dhúlra Fhóite i gContae Chorcaí. Deirtear go bhfuil an tíogar, atá dhá bhliain d’aois, ag socrú isteach go maith agus go gcuirfear le chéile le tíogar baineann darb ainm Jambi é in iarracht an speiceas a chaomhnú. Tá tíogair Shumatracha ar an speiceas is lú de thíogar agus tá siad i mbaol a ndíothaithe ina ngnáthóg nádúrtha mar gheall ar dhífhoraoisiú agus ar phóitseáil. Tá níos lú ná 350 tíogar Sumatrach fágtha anois ach táthar ag súil go mbeidh coileáin ag Dao agus Jambi gan mhoill. Rugadh an tíogar Sumatrach deireanach i bPáirc Dhúlra Fhóite sa bhliain 2019 agus rugadh dhá choileán don tíogar sin i Zú Chester i Sasana ó shin. Go n-éirí go geal le Dao agus Jambi.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

tuairt - crash

ealta éan - a flock of birds

saoráid sláinte - health facility

daingean na sceimhlitheoirí - stronghold of terrorists

gnáthóg nádúrtha - natural habitat

coileán - cub

Show More
Rate

Join Podchaser to...

  • Rate podcasts and episodes
  • Follow podcasts and creators
  • Create podcast and episode lists
  • & much more

Episode Tags

Do you host or manage this podcast?
Claim and edit this page to your liking.
,

Unlock more with Podchaser Pro

  • Audience Insights
  • Contact Information
  • Demographics
  • Charts
  • Sponsor History
  • and More!
Pro Features