Chuir Cian Mac Carthaigh agus Helena King tús le clár úrnua, An Bricfeasta Blasta le déanaí ar Raidió na Life. Clár gairmiúil, gealgháireach, gasta, a bhí ar siúl idir 8 agus 9. Bhí sé ag dul amach ar an aer ar feadh na seachtaine ón Máirt, 5ú Meitheamh, go dtí an Aoine sin. Gach lá rinne siad clúdach ar céard a bhí sna nuachtáin, an Ardteist, cúrsaí spóirt, na margaí is fearr ó GroupOn agus bhí Tara Ní Mhóráin ó V.I.P Magazine beo leo sa stiúideo chomh maith le culchaint agus chun triail a bhaint as táirgí smideadh ar Cian bocht!
Podchaser is the ultimate destination for podcast data, search, and discovery. Learn More