Tá an tAthair Seosamh Mallin fós beo agus ag obair i Hong Kong. Is mac é le Michael Mallin, duine de cheannairí 1916 a lámhaíodh i bPríosún Chill Mhaighneáin i ndiaidh Éirí Amach na Cásca 1916. Bhí an tAthair Mallin i láthair i gcillín a athair an oíche sular cuireadh chun báis é. Mar chuid de dhéantús an chláir seo do Raidió na Life, d'fhill an tAthair Mallin ar an gcillín céanna 94 bliain níos déanaí. Labhrann an tAthair Mallin faoi óiche dheireanach a athair chomh maith le saol a athair roimhe sin agus faoina shaol féin ó shin i leith.
Show More
Creators & Guests
We don't know anything about the creators of this podcast yet. You can so they can be credited for this and other podcasts.