Bean as an cheantar atá pósta ar Mhiondar, fear as an Phalaistín, agus cónaí orthu anois i Leitir Ceanainn. Tá feachtas bailiúcháin airgid ar bun ag Josephine agus ag Miondar anois chun tacú leis an teaghlach sa Phalaistín.
Chur taighde a d’fhoilsigh Comhairle Náisiúnta na nÓg inné i gComhar le IPSOS in iúl gurb é costas maireachtála agus tithíocht na hábhar is mó atá ina n-ábhair bhuartha do dhaoine idir 18 agus 29, cén tuairim atá ag Éamonn?
An mbeidh ceimiceoirí in ann drugaí faoi leith a dháileadh ar othair gan cuairt a thabhairt ar a ndochtúirí teaghlaigh roimh ré faoi mholadh úr a bheas ag gabhail ós comhair an Rialtais.
Thit an méid fearthainne agus a thitfeadh i mbliain iomlán i Dubai inné taobh istigh de cheithre huaire fichead. Bhí tuillte ar fud na háite, bhí daoine sáinnithe i gcarranna, bhí deacrachtaí móra san aerfort agus is cinnte gur eachtra as an g
Mír rialta le ball den Gharda Síochána go háitiúil le heolas agus comhairle don phobal agus cur síos ar eachtraigh a tharla sa chondae le seachtain anuas.
Tá Brian istigh ag labhairt faoi’n ghradam “Laoch Bia Áitiúil” a bhronn an eagraíocht ‘Gradaim Bialainne na hÉireann’ air, ag babhtaí Uladh den chomórtas ar na mallaibh mar gheall ar an mhéid a dhéanann sé chun tacú le bia agus le tairgí áitiúl
Bronnfar Pearsa Thír Chonaill ar Mháire san oíche amárach an 6ú Aibreán in Óstán an Bonnington i mBaile Átha Cliath. Píosaí ceoil agus comhra le Máire ón chartlann.
Bhí cruinniú poiblí sa Chrannóg i nGaoth Dobhair aréir mar chuid dona hiarrachtaí atá ar bun Plean Comhtháite a chur ar bun do pharóiste Ghaoth Dobhair. Lorgaíodh smaointí agus tuairimí an phobail maidir le forbairt eacnamaíoch, shóisialta, agu
Mír rialta faoi éin agus ag cur síos inniu ar éin atá díofa agus na hiarrachtaí atá ar bun éin dhúchasacha a thabhairt ar ais na tíre agus ag cur síos ar mar a bhí an Cháisc ar Oileán Árainn Mhór.
Tá súil ag Comharchumann Oileán Árainn Mhór go gcuirfear tús leis an obair thógála go luath ar an ghárradh poiblí atá le tógáil ar an chladach ar an oileán.