This is a pilot episode - to give an example of the concept and level, Aodhan reads slowly at A1 level.
Tá mise agus Ciarán ag dul ag féachaint ar árasán eile anocht – i mBaile na Craoibhe.
Sílim go bhfacamar fiche árasán le coicís anuas! Thaitin cúpla ceann go mór liom ach
ní raibh Ciarán sásta le ceann ar bith acu. “Tá sé ródhaor” nó “ Tá sé róbheag.” Sin a
deir sé an t-am go léir. Níl sé sin fíor mar níl ann ach an bheirt againn anois ó chuaigh
an iníon is óige againn go Ceanada. Sílim gur mhaith leis a bheith ina chónaí faoin
tuath, díreach mar atá a thuismitheoirí féin. Ach níl mise sásta leis sin. Is féidir leisean
a bheith ag obair sa bhaile, ach bíonn lá fada go leor agamsa leis na páistí sa rang.
Bím tuirseach, agus níor mhaith liom turas fada isteach chun na scoile gach lá.
Deir Ciarán, “Tá Baile na Craoibhe go maith don bheirt againn. Níl sé rófhada ón
gcathair ach is baile beag deas atá ann. Tá na daoine an-chairdiúil ar fad. Beidh mise
ábalta seinm sna seisiúin cheoil sna tithe tábhairne agus beidh tusa ábalta dul ag
snámh san fharraige.”
Ach níl mé cinnte fós. Níl aithne againn ar aon duine ann agus cá bhfuil na
pictiúrlanna agus na bialanna?
Podchaser is the ultimate destination for podcast data, search, and discovery. Learn More