Téann Helena go Conamara chun cuairt a thabhairt ar Choláiste Lurgan, ceann de na coláistí samhraidh Gaeilge is mó sa tír, agus labhrann sí leis an mbainisteoir, Mícheál Ó Foighil. Labhrann siad faoin méid oibre a dhéanann Mícheál sa choláiste, an phribhléid a bhraitheann sé bheith ag obair le déagóirí agus iad ag iarraidh feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge, agus labhrann sé freisin faoina thuras go dtí an Afraic leis an gcarthanacht Goal. Helena travels to Connemara to visit Coláiste Lurgan, one of the biggest Irish Colleges in the country, where she speaks to the manager, Mícheál Ó Foighil. They speak about the work Mícheál does in the college, the privilege of working with kids to improve their Irish and his trip to Africa with the charity Goal.