I ngach clár den tsraith seo, cloisfear dán atá ar chúrsa na hArdteistiméireachta á léamh ag an bhfile féin, ag aisteoir nó ag múinteoir. Beidh painéal de bheirt go bhfuil an-chur amach acu ar an gcúrsa ag plé agus ag cíoradh ábhar gach dáin agus ag roinnt a dtaithí agus eolais.Is iontach an deis é seo ag daltaí Ardteiste cuid de na filí a chloisint ag léamh a gcuid saothar féin agus ag míniú cad a spreag iad leis an dán a scríobh. Bainfidh múinteoirí leas as an tsraith seo leis - tabharfaidh sé deis dóibh léargas daoine eile ar an gcúrsa a chloisint agus a phlé sa rang.
Show More
Creators & Guests
We don't know anything about the creators of this podcast yet. You can so they can be credited for this and other podcasts.