Sraith nua de dheich gclár ar Raidió na Life 106.4FM ag plé leis an gcúrsa Próis agus le gnéithe eile de chúrsa Gaeilge na hArdteiste. Tá cuid de na húdair le cloisteáil ag léamh sleachta as a saothair féin sa tsraith seo, mar shampla, Máire Mhac an tSaoi ag léamh a gearrscéal “An Bhean Óg” agus Maidhc Dainín Ó Sé ag léamh sleachta as “A Thig Ná Tit Orm”. I gcásanna eile is aisteoirí atá ag léamh míreanna atá ar an siollabas, mar shampla, Lig Sinn i gCathú le Breandán Ó hEithir, á léamh ag Mac Dara Ó Fatharta agus Tetrarc na Gaililí le Pádraig Ó Conaire, á léamh ag Diarmaid de Faoite.Tá na míreanna éagsúla atá ar an gcúrsa litríochta, An Bhéaltriail, an Triail Chluastuisceana, Ceapadóireacht srl á bplé agus á gcíoradh ar gach clár, ag paineál de mhúinteoirí go bhfuil taithí na mblianta acu ag plé leis an siollabas seo.
Podchaser is the ultimate destination for podcast data, search, and discovery. Learn More