Scoth na nuascríbhneoireachta Gaeilge a bheidh faoi chaibidil ar an ngné-chlár seo ina mbeidh tuairimí, léirmheasanna, agallaimh, dréachta nuafhilíochta agus nuaphróis le cloisteáil. Coinneofar súil ar imeachtaí na bhfoilsitheoirí, leis, gan trácht ar na heagarthóirí irise. Beidh suim ar leith ag an gclár i saothair na scríbhneoirí nua atá ag teacht chun cinn.File, critic agus iar-Eagarthóir ar phríomh-iris liteartha na Gaeilge, Comhar, is ea Mícheál Ó hUanacháin. Iriseoir nuachta agus cúrsaí reatha le RTÉ le fada é, mar a bhfuil sé anois ag plé le tuairisceoireacht nuachta don suíomh idirlín, RTÉ.ie.